Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Bainistíocht Eastáit an Gharda Síochána

Agus léiriú á dhéanamh ar riachtanais eagraíochta a bhfuil líon pearsanra de thart ar 15,000 ann, tá an phunann foirgneamh agus cóiríochta atá á húsáid ag an nGarda Síochána suntasach agus éagsúil. Cuimsíonn eastát foirgnimh agus cóiríochta an Gharda Síochána os cionn 550 stáisiún aonair agus raon cóiríochta agus áiseanna náisiúnta, tacaíochta, riaracháin agus speisialtóireachta. Réimníonn stáisiúin Ghardaí ó mhór-áiseanna Ceanncheathrún Réigiúnacha agus Rannáin le líon ard pearsanra a sheachadann iliomad feidhmeanna póilíneachta, síos go dtí "aonaid bhunúsacha" atá ag feidhmiú den chuid is mó i gceantair thuaithe a sholáthraíonn feidhmeanna os comhair an phobail le huaireanta oscailte teoranta. Áiríonn cóiríocht neamhstáisiúin saoráidí náisiúnta mar Cheanncheathrú an Gharda Síochána i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, cóiríocht do Sheirbhísí Tacaíochta Náisiúnta i gCearnóg Fhearchair agus i gColáiste an Gharda Síochána sa Teampall Mór.

Tagann cóiríocht an Gharda Síochána faoi phunann na maoine Stáit, agus tá Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as bainistíocht agus cothabháil na maoine sin. Áirítear ar a chuid feidhmeanna bainistíocht agus cothabháil tógála, cóiríocht nua a sholáthar trí cheannach, tógáil nó cíos, agus tionscadail tógála, athchóirithe nó cothabhála a dhearadh, a sholáthar agus a bhainistiú.


Déantar an clár athchóirithe agus athsholáthar ar chóiríocht an Gharda Síochána ar fud na tíre a chinneadh ar bhonn na dtosaíochtaí cóiríochta a shainaithníonn An Garda Síochána. Cuireann an OPW, de bhun anailíse ar na tosaíochtaí cóiríochta arna gcinneadh ag an nGarda Síochána, roghanna maidir le réitigh chuí, chostas-éifeachtach a aithint do riachtanais an Gharda Síochána. Déantar dul chun cinn ar thionscadail chóiríochta an Gharda Síochána ag féachaint don leibhéal maoinithe caipitil atá ar fáil i Vóta OPW do thionscadail an Gharda Síochána.

 

Déanann Bainistíocht Eastáit an Gharda Síochána riachtanais chóiríochta an Gharda Síochána a chomhordú agus déanann sí idirchaidreamh leis an OPW. Áirítear leis seo foirgnimh nua chomh maith le hathchóiriú, síneadh agus cothabháil ar áitribh an Gharda Síochána.

Tagann maoiniú na n-oibreacha caipitil arna ndéanamh ag an OPW thar ceann an Gharda Síochána go príomha ó Vóta an OPW. Áirítear ar chaiteachas caipitiúil gach ceannachán láithreán, foirgnimh nua, athchóirithe, léasanna agus feistiú. Ina theannta sin, soláthraítear buiséad chun mion-oibreacha cothabhála éigeandála a chlúdach i Vóta an Gharda Síochána.

 

Tacaíonn Bainistíocht Eastát an Gharda le cur i bhfeidhm Straitéis Chomhshaoil an Gharda Síochána trí idirghníomhaíocht leis an OPW.

Tá liosta iomlán de na Stáisiúin Ghardaí le fáil anseo.